Gníomhartha 5:16-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Agus do thígdís morán a gceann a chéile as na caithreachaibh timcheall go Hiárusalem, ag tabhairt dháoine éagcrúaidhe, agus búaidheartha ó spioradaibh neamhghlana ríu; noch do slánuighthi uile.

17. Achd ar néirghe súas don nárdshagart, agus gach a raibh na fhochair, (mar atá airiceachd na Saducíneach,) do líonadh do thnúdh íad.

18. Agus do chuíreadar a lámha sna habsdalaibh, agus do chuireadar sa bpríosún choitcheann íad.

19. Achd dfosgail aingeal an Tighearna sa noídhche dóirse an phriosúin, agus ar na dtreórughadh amach, a dubhairt sé,

20. Imthighidh rómhaibh, agus ar seasamh sa teampall dáoibh labhruidh ris an bpobal na huile bhríathra na beathasa.

21. Agus ar na chloinsin só dhóibhsean, do chúadar a steach don teampall go móch ar maidin, agus do theaguisgeadar. Achd ar dteachd don árdshagart, agus don druing do bhí na fhochair, do ghoireadar cómhairle, agus sinnsir chloinne Israél uile a gceann a chéile, agus do chuíreadar teachda ar a gceannsan chum an phríosúin.

Gníomhartha 5