Gníomhartha 5:13-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Achd don druing eile níor lamh éainneach aca greamughadh léo: gidheadh do bhí meas mór ag an phobal orrtha.

14. Achd is móide do mhéidaigh an úimhir fhear agus bhan, do chreid don Tighearna.

15. Ionnus go niomhchraidís amach fá na sráidibh na daoine éugcruáidhe, agus go gcuirdís ar peapachuibh íad, ionnus ag teachd do Pheadar go gcuirfeadh a sgáile amháin sgáile ar neach éigin díobh.

16. Agus do thígdís morán a gceann a chéile as na caithreachaibh timcheall go Hiárusalem, ag tabhairt dháoine éagcrúaidhe, agus búaidheartha ó spioradaibh neamhghlana ríu; noch do slánuighthi uile.

17. Achd ar néirghe súas don nárdshagart, agus gach a raibh na fhochair, (mar atá airiceachd na Saducíneach,) do líonadh do thnúdh íad.

18. Agus do chuíreadar a lámha sna habsdalaibh, agus do chuireadar sa bpríosún choitcheann íad.

19. Achd dfosgail aingeal an Tighearna sa noídhche dóirse an phriosúin, agus ar na dtreórughadh amach, a dubhairt sé,

20. Imthighidh rómhaibh, agus ar seasamh sa teampall dáoibh labhruidh ris an bpobal na huile bhríathra na beathasa.

21. Agus ar na chloinsin só dhóibhsean, do chúadar a steach don teampall go móch ar maidin, agus do theaguisgeadar. Achd ar dteachd don árdshagart, agus don druing do bhí na fhochair, do ghoireadar cómhairle, agus sinnsir chloinne Israél uile a gceann a chéile, agus do chuíreadar teachda ar a gceannsan chum an phríosúin.

22. Agus ar dteachd do na máoruibh, ní fhúaradar iadsan sa bpríosún, agus ar bhfilleadh dhóibh, dinniseadar sin,

Gníomhartha 5