Gníomhartha 5:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus do reac fear áirighe dar bhainm Ananías, maille ré na mhnáoi Saphira, fearann do bhí ann a sheilbh,

2. Agus do chonnaimh aige go folaightheach cuid dá lúach, go bhfios da mhnáoi, agus ar dtabhairt choda éigin ris, do chuir sé ag cosadh na nabsdal é,

3. Ann sin a dubhairt Peadar, A Ananías, créd fár líon Sátan do chróidhe do dhéunamh bréige leis an Spiorad Náomh, agus do chungbháil coda éigin do lúach an fhearuinn go foluidhtheach?

4. A né nár leachd féin é dá gcongabhtha é, agus an é nach raibh sé ad chúmhachdaibh féin, íar na reic? créd far smúain tú a ní so ad chróidhe? ní lé dáoinibh do rinne tú brég, achd ré Día.

5. Agus ar gcloinsin na mbríatharsa Dananías, do thuit sé síos, agus do chúaidh a anam as: agus do bhí eagla mhór ar gach duine dhá ccúaluidh na neithe so.

6. Agus ar éirghe do na hóganaibh, rugadar air, agus ar ná iomchor dhóibh dadhlacadar é.

7. Agus tárla a dtimcheall thrí núair na dhiáigh sin, go dtáinig a bhean a steach, gan fios an neithe do rinneadh aice.

Gníomhartha 5