19. Achd ar bhfreagra do Pheadar agus Deóin, a dubhradar ríu, Measuigh féin an córa a bhfíadhnuise Dé, sibhsi deisdeachd ná Día.
20. Oír ní héidir linne gan na neithe do chúalamar agus do chunncamar do labhairt.
21. Agus ar ndéanamh bagair dhoibhsean, do léigeadar úatha íad, mar nach bhfúaradar slighe ar bith chum pionúis do thabhairt dóibh, ar son an phobail: oír thugadar uile glóir do Dhía ar son a neithe do rinneadh ann.
22. Oír do bhí an té air a ndearnadh an comhartha slainte úd, ós cionn dá fhichead bhliadhan dáois.
23. Agus ar na léigean amach, tangadar chum a gcompánách, agus dfoillsigheádar gach a ndubhradar na hárdsaguirt agus ná sinnsir ríu.
24. Agus ar na chlós so dhóibhsean, do thógbhadar súas a ngúth déantoil chum Dé, agus a dubhradar, a Tighearna, is tusa an Día do rinne neamh, agus talamh, agus an fháirge, agus gach a bhfuil ionnta:
25. Noch a dubhairt tré béul Dáibhi do shearbhfhoghantuighe féin, Créud fár lionadar na cineadhacha dfeirg, agus fár smuáineadar na puibleacha neithe díomháoineacha?
26. Do sheasadar ríghthe na talmhan, agus do chruinnigheadar na húachdaráin a bhfochair a chéile, a naghaidh an Tighearna, agus a naghaidh a Chríosd.
27. Oír do chruinnigheadar gan chonntabhairt a bhfochair a chéile, sa chathraighse, Ioruaidh, agus Poinnsius Píoláid, maille ris na Cineadhachuibh, agus ré puibleachaibh Israél, a naghaidh do Mhic náomtha Iósa, noch do óng tú,
28. Do dhéanamh gach neithe dár réumhórdaigh do lámhsa agus do chomhairle a dhéanamh.
29. Agus a nois, a Thighearna, tabhair aire dá mbagur: agus tabhair dod shearbhfhoghantuidhibh féin, do bhríathar a lábhairt maille ré gach uile dhánachd,
30. Ag sineadh do láimhe amach chum leighis; agus comharthadh agus miorbhuileadh do dhéanamh tré ainm do mhic náomtha fein Iósa.