13. Día Abrahám, agus Isáac, agus Iácob, Día ar naithreachne, do ghlóruighe sé a Mhac féin Iósa; noch do bhraitheabhairse, agus do shéunabhair a bhfíadhnuisi Phíolaid, an tan rug sé do bhreith a sgáoileadh.
14. Achd do shéunabhairse an Neach Náomhtha Fíréanta, agus diarrabhair fear dúnmharbhtha do thiodhlacadh dhíbh;
15. Achd do mharbhabhair Ughdar na beatha, noch do dhúisigh Día ó mharbhaibh; agá bhfuilmídne ar bhfíadhnuisibh.
16. Agus tré chreideamh anmasán, do neartaidh a ainm an fearso, do chithí agus áitheantáoi: agus, an creidheamh atá dhá tháobhsan, tug sé dhó so an tsláinte iomlánso ann bhur lathairse uile.
17. Agus a nois, a dhearbhraithe, atá a fhios agam gur tré ainbhfios do rinneabhair na neithe so, agus bhur núachdaráin mar an gcéadna.
18. Achd is mar so do chomhlíon Día, na neithe do réumhfhoillsigh sé tré bhéul a fhaigheadh uile, go bhfuileóngadh Críosd.
19. Ar a nadhbharsin déunaidh aithrighe, agus fillidh, ionnus go sgriosfuidhe bhur bpeacaidh, a núair thiocfus aimsir a nfúaraidh ó fhíadnuise an Tighearna;
20. Agus chuirfeas sé úadh Iósa Críosd, noch do seanmórughadh dhíbh roimhe: