1. Agus do chúaidh Peadar agus Eóin a néaineachd súas don teampoll a nam urrnuighe, a dtimcheall a náoimhadh huáir.
2. Agus do hiomchradh duine áirighe do bhí na mhairtíneach ó bhruinn a mhathar, noch do chuirdís gach láoi ag dorus an teampuill ré a ráitear Breagha, díarruidh déirce ar a ndruing do théigheadh a sdeach don teampoll;
3. An tan do chunnairc an fearso Peadar agus Eóin ar tí dul a steach don teampoll díarr sé déirc.
4. Agus ar bhféuchain go géur do Pheadar air, maille lé Heóin, a dubhairtsé, Féuch oruinne.
5. Agus tug seision aire dhóibh, a ndothchus neithe éigin dfághail úatha.
6. Achd a dubhairt Peadar, Ní bhfuil airgead na ór agamsa; achd an ní atá agam do bheirim dhuitse é: A nainm Iósa Críosd Nasárrdha éirigh agus siubhail.
7. Agus ar mbreith air a láimh dheis dó, do thóg sé súas é: Agus ar an mball do neartuigheadh mugharnaigh agus bonnaidhe a chos.
8. Agus do léim sé súas do sheas, agus do shiubhail sé, agus do chuáidh sé ríu a steach don teampoll, ag siubhal, agus ag léimnidh agus ag moladh Dé:
9. Agus do chunnairc an pobal uile é ag siubhal agus ag moladh Dé: