21. Agus a dubhradarsan ris, Níor ghlacamairne fíu na leitre ó thír Iúdaighe ad thimcheall, agus ní tháinic fós neach ar bith do na dearbhraithribh dfoillsiughadh ná dinnisin uile ar bith ort.
22. Achd budh mían rinn a chlos uáit na neithe bhreathnuigheas tú: oír do tháobh a nuirsde, is aithnigh dhúinn do dticthear na aghaidh sa nuile áit.
23. Agus ar ndéunamh láe ris dóibh, tangadar mórán chuige dhá lóisdín; noch dhar fhoillsigh sé rioghachd Dé, maille ré fíadhnuise do dheunamh, dhá dtarraing ré na theagusg chum na neitheadh do bhean ré Híosa, as reachd Mháoisí, agus ann sna faidhibh, ó mhaidin go hoidhche.
24. Agus do aontuigheadar cuid díobh do na neíthibh a dubhairt sé, agus cuid eile nar aontaigh.
25. Agus ar mbeith dhóibh contrárdha dhá chéile, do sgáoileadar as sin, ar rádh na héinbhréithresi do Phól, Is maith do labhair an Spiorad Náomh tré san bhfaidh Esaías ré ar naithreachaibhne,