2. Agus ar ndul dúinn a luing do longaibh Adramitium, do chuireamar romhuinn, séoladh ré táobh chósdadh na Hásia; agus do thógbhamar ar séolta, agus do bhí Aristarcus Macedónach ó Thessalonica, ann ar gcuideachda.
3. Agus an lá na dhiáigh sin tangamar go Sídon. Agus ar mbeith go muinntearrdha ré Pól do Iúlius, dfulaing sé dhó dhul dfios a charad chum comhfurtachda dfaghail úathadh.
4. Agus ar nimtheachd dhúinn as sin, do shéolamar ré taóibh Chípruis, do bhrígh go raibh an gháoth contrarrdha dhúinn.
5. Agus ar séoladh dhúinn trés an bhfairrge láimh ré Cilícia agus ré Pamphília, tangamar go Míra, cathair a Lícia.
6. Agus ar bhfagháil luinge don chaiptin ó Alecsandria ann sin do bhí ag triali do Neadáill; do chuir sé sinne innte.
7. Agus ar mbeith dhúinn morán do laethibh ag séoladh go mall, agus ar dteachd dúinn ar éigin as comhair Chníduis, do bhrígh nar leig an gháoth dhúinn, do shéolamar a ngar do Chréta, láimh ré Salmóne;
8. Agus, ar séoladh thairis dúinn ar éigin, tangamar go hionad áirighe dá ngoirthear Na cúanta bréagha; dar bhfogus cathair Laséa.
9. Agus ar gcaitheamh mhórain aimsire dhúinn, agus ar mbeith dhár luingséorachd cheana gúasachdach, do bhrígh an troisgidh do dhul cheana thorainn, do bhí Pól dá ccomhairli ughadh,
10. Ag rádh ríu, A dhaóine, do chím go mbiáidh bhur luingséorachd maille ré dóchar agus ré dul amúgha mór, ní hé amháin na iadála agus na luinge, achd ar nanmann féin mar an gcéudna.
11. Gidheadh is mó do chreid an caiptin an túachdarán agus maighisdir na luinge, ná na neithe a dubhairt Pól.
12. Agus ar mbeith don chúan neamhgharamhail aca re hanmhuin ann sa gheimhreadh, do rinnidh a normhór do chomhairle sgaóileadh as, dféuchain an bhféudfaidis air éanchor teachd go Phenice, chum an gheimhridh do chaitheamh ann; cúan do chúantuibh Chrétá, atá ar na shuidhuighadh a níardndeas agus a níardtuáidh.
13. Agus ar séideadh go cíuin don gháoith a ndeas, ar na sháoilsin dóibhsean go néiréochadh a dturas ríu, ar dtógbháil a séoltadh dhóibh, do shéoladar ní sa ghoire do Chréta.
14. Achd go haithghearr na dhiáigh sin do shéid gáoth sdoirmeamhail, do bhí na gáoith a noirdthuáidh ar a noiléun.
15. Agus ar mbeith don luing dá fúadach, agus gan neart aice cur a naghaidh na gáoithe, ar na léigean ris an ngáoith do shéoil sí roimhe.
16. Agus ar ndul a sdeach go dían dúinn fá oileun bheag áirighe dar ab ainm Clauda, is ar éigin rugamar ar an mbád:
17. Noch do thógbhadar súas, agus do fhéuchadar gach uile ghléus cabhartha, ag creasughadh na luinge fáoithe; deagla go mbuáilfedís a ngaineamh béo, agus ar léigean a séolta síos dóibh, do hiomchradh íad mar sin.
18. Agus ar mbeith dhúinn an lá na dhiaigh sin, dár dteilgean ó thoinn go toinn rés dóirm ro mhóir, do theilgeadar a nearruidhe amach;
19. Agus an treas lá do theilgeamar amach lé ar lámhuibh oirnéis na luinge féin.
20. Agus ar mbeith don ghréin agus do na réultaibh gan soillsiughadh dhúinn móráin do láethibh, agus ar luighe do sdóirim nár bheag orainn, rugadh uáinn gach uile dhóthchas cabhartha dá raibh aguinn ó sin amach.
21. Agus ar mbeith dhúinn a bhfad gan bíádh, do sheas Pól iona meadhon, agus a dubhairt sé, A fheara, do bhfearr dháoibh aire do thabhairt dhamhsa, agus gan sgáoileadh ó Chrétá, ionnus go seachónadh sibh an docharsa agus an dioghbháil.