9. Go deimhin do mheas misi ionnam féin, gur chóir dhamh mórán do neithibh contrarrdha do dhéanamh a naghaidh anma Iósa Nasárrdha.
10. Noch do rinne mé mar ann gcéudna a Níarusalém: óir do chuir mé iomad do na náomhuibh a bpríosúnaibh, ar bhfagháil cúmhachd dhamh ó úachdaránaibh na sagurt; agus an tan do básuigheadh íad, tug misi máonta.
11. Agus ag tabhairt pionúis dóibh go minic trés na huile shinagogaibh, do choimhéignigh mé íad, chum blasphéime labhairt; agus ar ndul damh tar mhodh ré buile na naghaidh, do rinne mé gérleanmhuin orrthu a gcaithreachaibh coigcríche.
12. Fá a namsin ar mbeith dhamh fós ag dul go Damascus lé cúmhachdaibh agus lé barántus na nárdsagurt,
13. Do chunairc mé a rí a meadhon láoi sa tslighe solus ó neamh, bá mó ná soillse na gréine, noch do dheallruidh um thimcheallsa agus a dtimcheall na druinge do bhí um fhochair sa tslighe.
14. Agus ar dtuitim dhúinn uile ar talamh, do chúalaidh mé gúth ag labhairt riom, agus ag rádh sa dteangaidh Eabhra, A Sháuil, a Sháuil, créd fa bhfuil tú ag gérleanmhuin orum? is cruidh dhuit beith ag gabháil dod shálaibh a naghaidh dhealg.
15. Agus a dubhairt misi, Cía thú féin, a Thighearna? Agus a dubhairt seision, Is misi Iósa ar a bhfuil tusa ag gérleanmhuin.
16. Achd éiridh súas, agus seas ar do chosaibh: óir is chuige so do fhoillsigh mé féin duit, do chum go nóirdeóchainn thú ad oglach agus ad fhiadhnuise, ní hé amháin ar na neithibh do chunnairc tú, achd mar an gcéudna ar na neithibh ann a bhfoillseóchar dhuit mé;
17. Dod sháoradh on bpobal, agus ó na Cineadhachaibh, chum a bhfuilim anois dod chur,
18. Chum a súl dosgladh, agus chum a bhfillte ó dhorchadus chum an tsolais, agus ó chúmhachdaibh Shatáin chum Dé, chum maithfeachais na bpeacadh dfágháil dóibh, agus oidhreachda a measg na muinntire atá ar na náomhadh tré chreideamh ionnamsa.
19. Uime sin, a rí Agrippa, ní raibh mé easumhal don táidhbhse neamhdha:
20. Achd do fhógair mé do luchd Dhamascus ar tús, agus a Niarusalem, agus ar feadh région thíre Iúdaighe go huilidhe, agus do na Cineadhachaibh, aithreachus do dhéanamh agus filleadh chum Dé, ag déunamh oibreacha iomchúbhaidh don aithrighe.
21. Ar son na nadhbharsa do rugadar na Iudaighe sa teampall oram, agus do chuireadar rompa mo mharbhadh.
22. Gidheadh tug Día cobháir dhamh, agus do sheas mé gus a niu, ag déunamh fíadhnuise don mbeag agus don mor, gán éainní a rádh dhamh achd na neithe a dubhradar na fáidhe agus Maóisi do bheith chum teachda:
23. Go bhfuiléongadh Críosd, agus go madh hé céidneach do éiréochadh ó mharbhaibh é, agus go bhfoillséochadh sé solus don phobalsa, agus do na Cineadhachaibh.
24. Agus ar mbeith dhó ag rádh na neitheadhsa ar a shon féin, a dubhairt Festus do ghúth mhór, Atá tú ar buile, a Phóil; cuiridh iomad foghlomatha ré cúthach thú.
25. A dubhairt Pól an tan sin; A Fhéstuis ro oidheirc, ní bhfuilimse ar buile; achd labhruim bríathra na fírinee go céillighe.
26. Oír atá fios na neitheannsa ag an rí, agá labhraimse go dána na lathair: óir ní shaóilim go bhfuil ainbhfios éainneithe dhíobh so air; oír ní a gclúid do rinneadh so.