8. Créd fá a measdar ribhse mar ní díchreidmheach, go ndúisigheann Día na mairbh?
9. Go deimhin do mheas misi ionnam féin, gur chóir dhamh mórán do neithibh contrarrdha do dhéanamh a naghaidh anma Iósa Nasárrdha.
10. Noch do rinne mé mar ann gcéudna a Níarusalém: óir do chuir mé iomad do na náomhuibh a bpríosúnaibh, ar bhfagháil cúmhachd dhamh ó úachdaránaibh na sagurt; agus an tan do básuigheadh íad, tug misi máonta.
11. Agus ag tabhairt pionúis dóibh go minic trés na huile shinagogaibh, do choimhéignigh mé íad, chum blasphéime labhairt; agus ar ndul damh tar mhodh ré buile na naghaidh, do rinne mé gérleanmhuin orrthu a gcaithreachaibh coigcríche.
12. Fá a namsin ar mbeith dhamh fós ag dul go Damascus lé cúmhachdaibh agus lé barántus na nárdsagurt,