Gníomhartha 26:3-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Go mórmhór do bhrígh gur feasach dhamh, thusa do bheith eólghach a nuile ghnáthaighibh agus cheasduibh na Niúdaigheadh: ar a nadhbharsin guidhim thú fá éisdeachd ríum go foighideach.

4. Is aithne do na Iúdaighibh uile, mo bheathasa ó móige, agus cionnus do bhí sí a measg mo chinidh féin a Niárusalém ó thosach;

5. Noch do aithin mé roimhe so, (dá madh áil ríu fíadhnuise do dhéunamh,) ar mbeith dhamh am Fhphairisineach ó mó shinnsearaibh do réir ríaghla a núird ro dhírighse aguinne.

6. Agus a nois seasuim ar mbeith dhamh dom éiliughadh tré dhóthchus na geallamhna do rinne Día dár naithribh:

7. Ré a bhfuil súil ag ar nda threibh dhéugne, ag déanamh seirbhíse do Dhía do ló agus dóidhche go gnáthach. Is do tháobh an dóthchais sin, a rí Agrippa, eilighid na Iúdaighe misi.

8. Créd fá a measdar ribhse mar ní díchreidmheach, go ndúisigheann Día na mairbh?

9. Go deimhin do mheas misi ionnam féin, gur chóir dhamh mórán do neithibh contrarrdha do dhéanamh a naghaidh anma Iósa Nasárrdha.

10. Noch do rinne mé mar ann gcéudna a Níarusalém: óir do chuir mé iomad do na náomhuibh a bpríosúnaibh, ar bhfagháil cúmhachd dhamh ó úachdaránaibh na sagurt; agus an tan do básuigheadh íad, tug misi máonta.

Gníomhartha 26