21. Ar son na nadhbharsa do rugadar na Iudaighe sa teampall oram, agus do chuireadar rompa mo mharbhadh.
22. Gidheadh tug Día cobháir dhamh, agus do sheas mé gus a niu, ag déunamh fíadhnuise don mbeag agus don mor, gán éainní a rádh dhamh achd na neithe a dubhradar na fáidhe agus Maóisi do bheith chum teachda:
23. Go bhfuiléongadh Críosd, agus go madh hé céidneach do éiréochadh ó mharbhaibh é, agus go bhfoillséochadh sé solus don phobalsa, agus do na Cineadhachaibh.
24. Agus ar mbeith dhó ag rádh na neitheadhsa ar a shon féin, a dubhairt Festus do ghúth mhór, Atá tú ar buile, a Phóil; cuiridh iomad foghlomatha ré cúthach thú.
25. A dubhairt Pól an tan sin; A Fhéstuis ro oidheirc, ní bhfuilimse ar buile; achd labhruim bríathra na fírinee go céillighe.
26. Oír atá fios na neitheannsa ag an rí, agá labhraimse go dána na lathair: óir ní shaóilim go bhfuil ainbhfios éainneithe dhíobh so air; oír ní a gclúid do rinneadh so.
27. A rí Agrippa, an gcreideann tú na fáidhe? Atá a fhios agam go gcreidir.
28. A dubhairt Agrippa an tan sin ré Pól, Is beag nách ttairrngeann tú mé chum bheith am Chríosduighe.
29. Agus a dubhairt Pól, Do bfearr leam go bhfaghuinn dathchuinge ó Dhía, ní hé amháin thusa, achd mar an gcéudna an mhéid éisdeas riom aniu, bheith go híomlán, cosmhail ríom féin, achd na geimhleachasa amháin.