Gníomhartha 25:21-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Agus an tan díarr Pól é féin do choimhéud nó go bhfuigheadh Augustus fios air, do aithin misi a chúmhdach nó go gcuirfinn chum Séasair é.

22. Agus a dubhairt Agrippa ré Festus, Bá mian riumsa fós mé féin éisdeachd ris an bhfear sin. Agus a dubhairt seisean, cluinfidh tú a márach é.

23. Uime sin ar na mhárach, táinic Agrippa, agus Bernice re poimp ro mhóir, agus do chúadar a steach maille rís na húachdaránuibh, agus ré maithibh na caithreacha, go teagh na cúirte, agus ar na áithne Dfestus tugadh Pól a láthuir.

24. Ann sin a dubhairt Festus, A rí Agrippa, agus a bhfuiltí do dháoinibh a láthair ann so, do chithí an fearso agá dtangadar pobal na Niudaigheadh go huilidhe a Niárusalém, agus ann so, chugamsa na thimcheall, ag éighmhe nár chóir a bheith beó ni as faide.

Gníomhartha 25