Gníomhartha 25:13-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Agus ar gcaithreamh laéthe áirighe táinic an rí Agrippa agus Bernice go Séasárea do chur failte roimhe Fhestus.

14. Agus ar nfanmhuin dóibh ann sin mórán do laethibh, do fhoillsigh Festus cuis Phóil don rí, ag rádh, Dfag Felics duine áirighe na phríosúnach:

15. Agus an tan do bhí misi a Níarusalém, tangadar úachdaráin na sagart agus sinnsir na Niúdaigheadh chugam na thimcheall, agus do íarradar breith dhamanta na aghuidh.

16. Ar a dtugasa an fhreagra so, Nár bhéus do na Rómhanchuibh duine ar bith do thabhairt dá mhilleadh, nó go dtigdís an luchd éilíghthe a láthuir an tí éilighthear, agus go bhfaghadh sé ionad air é féin do ghlanadh ón gcoir do chuirfidh air.

17. Ar a nadhbharsin, ar dteachd ann so dhóibh a gceann a chéile, ar ná mhárach gan cháirde ar bith do shuidh mé ann sa chatháoir bhreitheamhnuis, agus do aithin mé an fearsin do thabhuirt dom láthuir.

18. Agus do sheasadar luchd a éilighthe na fhochair, agus níor chuireadar cóir ar bith air do na neithibh do sháoil misi;

Gníomhartha 25