Gníomhartha 25:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus an tan tháinic Festus don phrobhinnsi, do chúaidh sé a gcionn thrí lá na dhíaigh sin ó Shéasareá súas go Hiarusalém.

2. Agus do chúaidh an tárdsagart agus maithe na Niúdaigheadh dhá láthair a naghuidh Phóil, agus do chuireadar impidhe air,

3. Ag íarruidh foghuir a naghuidh Phóil, as go gcuirfeadh sé fios air go Híarusalém, ar gcur luigheacháin ar a tslighe fá chomhair a mharbhtha.

4. Achd do fhreaguir Festus, go raibh Pól air cúmhdach a Séasárea, agus go rachadh sé féin go háithghearr ann sin.

5. Uime sin, ar seisean, gidh bé aguibhsi fhéudfus é, teaghuid síad a náoinfheachd rinne síos, agus má tá olc ar bith ann sa bhfearso, éilighid siad é.

6. Agus ar nfanmhuin dó na measg tuáirim dheich lá, do chuáidh sé síos go Sésárea; agus lá ar na mhárach do shuidh sé ann sa chathaoir bhreitheamhnuis agus do áithin se Pól do thabhuirt a láthuir.

7. Agus an tan tháinic sé, do sheasadar na Iúdaighe tháinic a núas ó Iarusalém na thimcheall, agus tugadar mórán déilighthibh tróma nár fheadadar a chruthúghadh, a naghaidh Phóil.

Gníomhartha 25