Gníomhartha 23:6-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Agus ar na thuigsin do Phól go raibh cuid aca na Saduchíneachuibh, agus an chuid eile na Bhphairisíneachuibh, do éigh sé a lathair na comhairle, A dháoine agus a bhráithreacha, as Phairisineach misi, mhac Phairisinigh: fá shúil do bheith agam ré heiseirghe na marbh atáim dom éiliughadh.

7. Agus an tan a dubhairt sé so, do éirigh imreasan eidir na Phairisinigh agus na Saduchínigh: agus do roinneadh an coimhthionól.

8. Oír a deirid na Saduichínigh nach bhfuil eiséirighe ann, na aingeal, ná spiorad: achd admhuighid na Phairisínigh íad so uile.

9. Ar a nadhbharsin do tógbhadh gáir mhór: agus ar néirghe do na sgríobuidhibh do tháobh na Bhphairisíneach, do chathaigheadar na naghaidhsean, agus a dubhradar, Ní fhaghmáoidne olc ar bith sa nóglachsa: achd má labhair spiorad nó aingeal ris, na cathuigheamne a naghaidh Dé.

10. Agus an tan do éirigh ceannairce mhór eatarra, deagla go dtairreóngaidís Pól as a chéile, daithin an túachdarán do na saighdiúiribh dul síos, agus a fhúadach as a lár, agus a bhreith don chaisléun.

11. Agus a noidhche na dhiáigh sin do sheas an Tighearna láimh ris, agus a dubhairt sé, Bíodh meisneach mhaith agad, a Phóil: óir do réir mar do rinne tú fíadhnuisi am thimcheallsa a Niarusalém, as mar sin as éigean duit fíadhnuisi dhéunamh sa Róimh.

12. Agus ar néirghe don lá, do chruinnigheadar dream áirighe do na Iúdaighibh a gceann a chéile, agus tugadar mionna, nách iósadís agus nach iobhadís nó go marbhaidís Pól.

13. Agus do bhádar os cionn da fhichead fear do rinne an coimhcheangalso re chéile.

Gníomhartha 23