5. Agus a dubhairt Pól, Ni raibh a fhios agam, a bhráithreacha, gur bhé an tárdsagart é: óir atá sgríobhtha, Ní abeóra tú olc ré úachdarán do phobuil.
6. Agus ar na thuigsin do Phól go raibh cuid aca na Saduchíneachuibh, agus an chuid eile na Bhphairisíneachuibh, do éigh sé a lathair na comhairle, A dháoine agus a bhráithreacha, as Phairisineach misi, mhac Phairisinigh: fá shúil do bheith agam ré heiseirghe na marbh atáim dom éiliughadh.
7. Agus an tan a dubhairt sé so, do éirigh imreasan eidir na Phairisinigh agus na Saduchínigh: agus do roinneadh an coimhthionól.
8. Oír a deirid na Saduichínigh nach bhfuil eiséirighe ann, na aingeal, ná spiorad: achd admhuighid na Phairisínigh íad so uile.
9. Ar a nadhbharsin do tógbhadh gáir mhór: agus ar néirghe do na sgríobuidhibh do tháobh na Bhphairisíneach, do chathaigheadar na naghaidhsean, agus a dubhradar, Ní fhaghmáoidne olc ar bith sa nóglachsa: achd má labhair spiorad nó aingeal ris, na cathuigheamne a naghaidh Dé.