Gníomhartha 23:20-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

20. Agus a dubhairt an tógánach, Do rinneadar na Iúduighe do choimhairle a íarraidh ortsa Pól do thabhuirt amch a márach chum an choimhthionóil, mar do bheidís ar tí a chéasdugha níos géire.

21. Uime sin na tabhuirsi áonta dhóibh: oír atá ós cionn dá fhichead fear dhíobh a luigheachán air noch thug a mionna, nach íosaidís agus nach ióbhaidís nó go marbhaídís é: agus atáid síad ullamh a nois, ag feitheamh réd ghealladhsa.

22. Agus do léig an túachdarán an tógánach úadh, ar na áithne dhe, Gan a fhios do thabhairt do dhuine ar bith gur fhóillaigh sé na neithesi dhó féin.

23. Agus do goir sé dhá chaiptín airighe chuige, agus a dubhairt sé, Ullmhuighidh dhá chéud saighdiúir rachas go Séasarea, agus deíchneabhar agus trí fichid marcach, agus da chéud do luchd gaéthe, ón trés úair do noidhche amach;

24. Agus mar an gcéudna ullmhuighidh eachruidh iomchórus Pól slán, chum an árdúachdaráin Félics:

25. Agus do sgríobh sé litir an sa bhfoirmse:

Gníomhartha 23