13. Agus do bhádar os cionn da fhichead fear do rinne an coimhcheangalso re chéile.
14. Agus ar ndul chum na nárdsagurt agus na sinnsear dóibh, a dubhradar, Tugamairne móid agus mionna, nách blaisfemís ní ar bith no go marbhamaoís Pól.
15. Ar a nadhbharsin íarruidhsi ar a núachdarán do thoil na cómhairle a thabhairt dá bhur láthuir a márach, mar do bhíadh sibh ar ti fios a ghníomharthadh dfagháil ní as iomláine: agus arámáoidne, ullamh chum a mharbhtha, ní as táosga ná thiocfas sé chuguibhsi.
16. Achd an tan do chúaluidh mac deirbhsheathar Phóil na cealga so, tháinic sé agus do chúaidh sé a steach don chaisléun, agus dinnis sé so do Phól.
17. Ann sin ar ngairm áoin do na caiptínibh chuige do Phól, a dubhairt sé, Beir an tógánachsa leachd chum an úachdaráin: óir atá ní aige ré a innisin dó.
18. Agus rug an caiptín an tógánach leis, chum a núachdaráin, agus a dubhairt sé, Do ghoir an príosúnach Pól chuige mé, agus díarr sé orum an tógánach so agá bhfuil ní do inneósadh sé dhuit, do thabhairt chugad.