Gníomhartha 23:1-5 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus ar ngérfhéachuin do Phól, ar an gcomhairle, a dubhairt sé, A dháoine agus a bhráithreacha, do rinne misi seirbhís do Dhía an gach uile choinsías mhaith gus an lá a niugh.

2. Achd do aithin Ananías an tárdsagart do na dáoinibh do sheas láimh ris a bhúaladh ar a bhéul.

3. Ann sin a dubhairt Pól risean, Buáilfidh Día thusa, a bhalla fionáolta: an suidheann tú do dhéunamh breitheamhnuis orumsa do réir an dlighe, agus an dtabhuir tú áithne mo bhúaladh a uaghuidh an dlighe?

4. Achd a dubhradar an mhuinntir do sheas láimh ris, An bhfuil tú ag imdheargadh árdsagart Dé?

5. Agus a dubhairt Pól, Ni raibh a fhios agam, a bhráithreacha, gur bhé an tárdsagart é: óir atá sgríobhtha, Ní abeóra tú olc ré úachdarán do phobuil.

Gníomhartha 23