13. Agus ar seasamh dhó láimh rium, a dubhairt sé, A Sháuil a bhráthuir, gabh chugad do radharc. Agus ar a núair sin féin dféuch me airsion.
14. Agus a dubhairt sé, Do thogh Día ar naithreachne roimh láimh thusa, chum a thóla féin daithniúghadh, agus an Neach Comhthrom úd dfaicsin, agus glór a chluisden as a bhéul.
15. Oír bíaidh tu ad fhíadhnuisi aige a láthuir na nuile dháoine ar na neithibh do chunnairc agus do chúala tú.
16. Agus a nois créd do bheir ag déunamh moilee thú? éirigh, gabh baisdeadh chugad, agus bí ar do ghlanadh ód pheacadhaibh, ar ngairm ar ainm an Tighearna.
17. Agus tárla, an tan do fhill mé go Hiarusalém, agus do rinne mé urnaighe ann sa teampoll, go ndeachaidh mé a néull;