11. Agus mar nach raibh amharc agam tré ghlóir na soillsi sin, do threóruigheadar mo luchd éintsligheadh ar láimh mé, nó go dtáinic mé go Damascus.
12. Agus táinic óglach áirighe, dár bhainm Ananias chugam, duine díadha do réir an dlighidh, air a riabh teisd mhaith ag gach uile Iúduighe dár áitigh ann sin,
13. Agus ar seasamh dhó láimh rium, a dubhairt sé, A Sháuil a bhráthuir, gabh chugad do radharc. Agus ar a núair sin féin dféuch me airsion.
14. Agus a dubhairt sé, Do thogh Día ar naithreachne roimh láimh thusa, chum a thóla féin daithniúghadh, agus an Neach Comhthrom úd dfaicsin, agus glór a chluisden as a bhéul.
15. Oír bíaidh tu ad fhíadhnuisi aige a láthuir na nuile dháoine ar na neithibh do chunnairc agus do chúala tú.
16. Agus a nois créd do bheir ag déunamh moilee thú? éirigh, gabh baisdeadh chugad, agus bí ar do ghlanadh ód pheacadhaibh, ar ngairm ar ainm an Tighearna.
17. Agus tárla, an tan do fhill mé go Hiarusalém, agus do rinne mé urnaighe ann sa teampoll, go ndeachaidh mé a néull;