30. Uime sin do bhuáidhreadh an chathuir uile, agus do rith an pobal a gceann a chéile: agus ar mbreith air Phól dóibh, do thairngeadar amach as a teampoll é: agus ar an mball do híadhadh na doirsi.
31. Agus an tan do bhreathnúigheadar a mharbhadh, táinic sgéula go hárdchaiptín an bhanna, go raibh Iarusalém uile ar na buáidhreadh.
32. Agus ar an mball rug seisean saighdiúirighe agus caiptinighe leis, agus do rith sé chucasan: agus an tan do chunncadarsan an túachdarán agus na saighdiúiri, do sguireadar do ghabháil ar Phól.