Gníomhartha 21:19-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Agus ar mbeannughadh dhóibh do Phól, dinnis sé a ndiáigh a chéile créd do rinne Día tré na sheirbhís féin a measg na Gcineadhach.

20. Agus ar na chlós so dhóibhsion, tugadar glóir don Tighearna. Agus a dubhradar ris, Do chí tusa, a bhráthair, ga mhéud míle do na Iúdaidhibh tháinic chum creidimh; agus átaid uile lán do ghrádh an reachda:

21. Agus do chúaladar ortsa, go dteagasgann tú do gach uile Iúdaighe dá bhfuil a measg na Gcineadhach Maóisi do thréigean, agus go nabuir tú nach cóir dhóibh a mic do thimcheallghearradh, na siubhal do réir an ghnáthuighe.

22. Ar a nadhbharsin créd dhéanfuighear? gan amharus as éigin don phobal cruinniughadh a gceann a chéile: óir cluinfíd síad go dtáinic tusa.

23. Ar a nadhbharsin déuna an nísi a deirmídne riot: atáid ceathrar feár aguinne air a bhfuil móid;

24. Beir íad so leachd, agus glantar thú maille ríu, agus caith léo, ionnus go mbearrfaudís a gcinn: agus aithéonaidh gach uile dhuine, nach bhfuil éifeachd ann ar cuireadh ort; achd go siobhlann tú féin ag coimhéud an reachda.

25. Achd a dtáobh ar chreid do na Cineadhachuibh, do sgríobhamairne agus dórdaigheamar dhóibh gan a leithéid sin do ghnáthughadh, achd amháin íad féin do choimhéd ó gach ní íodhbarthar díodhaluibh, agus ó fhuil, agus ó néithibh tachduighe, agus ó sdríopachus.

Gníomhartha 21