Gníomhartha 21:1-6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus tárlá, ar ndealughadh ríusan dúinn, gur sheólamar romhuinn, agus tangamar go díreach go Cóos, agus lá ar na mhárach go Rhódus, agus as sin go Patára.

2. Agus ar bhfagháil luinge dhúinn ann sin do bhí ag tríall go Pheníce, do chúamar innte, agus do sheólamar romhainn.

3. Agus ar dteachd a radharc Chípruis, agus ar na fhagbhail air ar láimh chlí dhúinn, do sheólamar go Síria, agus tangamar as sin go Tírus: óir as ann sin bá mián leis an luing a lasd do chur amach.

4. Agus ar bhfagháil deisciobal ann sin duinn, dfanamair seachdmhuinn ann: agus dubhradar ré Pól trés an Spioraid, gan dul súas go Hiarusalém.

5. Agus ar gcríochnughadh na laétheadh sin, do thríallamar romhain; agus tangadársan uile, agus a mná, agus a gclann ar gcuideachda as an gcathruigh amach: agus do leigeamar air ar nglúinibh sinn ar an dtráigh, agus do rinneamar urnuighe.

6. Agus tar éis a chéile do phógadh dhúinn, do chúamar sa luing; agus dfilleadarsan dá dtighthibh féin.

Gníomhartha 21