26. Ar a nadhbharsin cuirim a fhíadhnuisi oruibhse a niugh, go bhfuilim glan ó fhuil na nuile dháoine.
27. Oír níor sheachain mé comhairle Dé fhoillsiughadh dhíbh go hiomlán.
28. Ar a nadhbharsin tabhruidh bhur naire dhíbh féin, agus don tréud uile, ar a ndearna an Spiorad Náomh easbuig dhíbh, do bhéathughadh eagluíse Dé, noch do cheannaigh sé lé na fhuil féin.
29. Oír atá a fhios so agamsa, tar éis misi imtheachd go dtiocfuid madruigh allta ghéura bhur measg, nach coigeóla an tréd.
30. Agus fós éireóchuid dáoine dhíbh féin, noch laibheórus neithe sáobha, chum deisciobal do tharruing na ndiáigh.
31. Ar a nadhbharsin déunaidh faire, agus cuimhnighidh, nár sguir misi ar feadh thrí mbliadhan ag teagusg gach áon díbh do ló agus doidhche maille ré déuruibh.
32. Agus a nois, a bhráithréacha, cuirim sibh ar cumairce Dé, agus bhríathar a ghrás, noch fhéudas bhur dtógbháil súas, agus oíghreachd do thabhuirt díbh a bhfochair na nuile náomh.
33. Níor shanntaigh mé airgead, ná ór, ná éudach dhuine ar bhith.
34. Is aithne dhíbhsi féin, gur ab íad na lámhasa do sholáthair dhamh gach ní dhá raibh na riáchdanus orum féin, agus ar a raibh am fhochair.
35. Do fhoíllsigh mé dhíbh ann sna huile neithibh, gur ab ag sáothrughadh mar so is cóir dháoibh cungnamh leis ná hanbhfannuibh, agus bríathra an Tighearna Iósa do chuimhniughadh, mar a dubhairt sé, Is mó as beannaighe ní do thabhuirt ná do ghlacadh.
36. Agus an tan a dubhairt sé na bríathraso, agá léigean féin ar a ghlúinibh, do rinne ré urnaighe maille riúsan uile.
37. Ann sin do ghuileadar uile go mór, agus ag luighe ar mhuinéul Phóil, do phógadar é,
38. Ag deanamh tuirse go mormhór fan mbréithir a dubhairt sé, Nach bhfaicfidís a aghaidh ó sin súas. Agus do chúadar leis gus an luing.