5. Agus do bhádar na gcomhnuidh a Niarusalém Iúduidhe, dáoine díadha, do gach uile cheinéul dá bhfuil fáoi neamh.
6. Agus a ndul don tásgso amach, do chruinnigh an coimhthionól, agus do bhádar buáidheartha, do bhrígh go gcúaluidh gach áon aca iádsan ag labhairt ann a dteanguidh féin.
7. Agus do ghábh úathbhás, agus iongantas iád uile, ag rádh ré chéile, Féuch, a né nach Gaililéeanuigh íadso uile labhras?