27. Ar a nadhbhar nach bhfúigfe tú manam a nifearn, agus ní fhuileónga tú do Aón Náomhtha féin truáillidheachd dfaicsin.
28. Dfoillsigh tú dhamhsa slighthe na beatha; líonfuidh tú mé do ghairdeachus léd ghnúis féin.
29. A fheara agus a bhraithreacha, is éidir leamsa labhairt go dána ribh a dtimcheall an phatriárc Daibhí, go bhfuil sé tair éis bháis agus ar na adhlacadh, agus atá a thúama eadruinne gus an lá a niu.
30. Ar a nadhbharsin ar mbeith na fháidh dhó, agus a fhios aige go dtug Día móid dhó maille lé mionnuibh, go dtóigfeadh sé Críosd súas, do shíol a leasruighsion, do réir na féola, agus go ccuirfeadh sé na shuídhe ann a chatháoirsean é;
31. Ar na réumhfhaicsin dó do labhair sé a dtimcheall eiséirghe Chríosd, nach bhfúigfithi a anam a nifearn, agus nach bhfaicfeadh a cholann trúailleadh.
32. Do thóg Día an Tiosaso súas, agus atámáoidne uile an bhfíadhnuisibh air.
33. Ar a nadhbharsin ar na bhreith súas lé láimh dheis Dé, agus ar bhfagháil an Spioraid Náoimh do reir gheallamhna a Nathar, do dhóirt sé amach an nísi, do chíthísi a nois agus do chluintí.
34. Oír ní dheachuidh Dáibhi súas air neamh: gidheadh a deir sé, A dubhairt an Tighearna rém Thighearnasa, Suídh ar mo láimh dheis,
35. Nó go gcuire mé do námhaid na sdól fád chosuibh.
36. Uime sin bíodh a fhios go dearbhtha ag tigh Israél uile, go ndearnuidh Día Tighearna agus Críosd, do Níosasa do chrochabhairsi.
37. Agus ar na chloinsin so dhóibh, do goineadh ann a gcroidhe íad, agus a dubhradar ré Peadar agus ris an gcuid eile do na heasbaluibh, A fheara agus a bhráithreacha, créud do dhéunam?
38. Agus do fhreagair Peadar iád, Déanuidh aithrighe, agus baisdear gach áonduine agaibh a nainm Iósa Críosd chum maitheamhnuis na bpeacadh, agus géubhtháoi chugaibh tiodhlacadh a Spioruid Naoimh.
39. Oír is dáoibhsi do rinneadh an gealladh, agus dá bhar gcloinn, agus dá gach nduine a ccían, eadhon gach áon ghoirfeas ar Dtighearna Día.
40. Agus do ghuidh sé agus do theaguisg sé íad ré morán eile do bhríathruibh, ag rádh, Coimhéaduidh sibh féin on drochgheinealachsa.