Gníomhartha 2:11-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Luchd Chréta agus Arábia, do chluinmíd iád ag labhairt ann ar dteangthuibh féin oibreacha mórdhálacha De.

12. Agus do ghabh úathbhás, agus amharas iád úile, ag rádh gach fear ré a chéile, Créd is ciáll dó so?

13. Agus a dubhradar dáoine eile ag fonomhad, Is lán dfíon mhilis atáid síad so.

14. Achd ar seasamh do Pheadar a bhfochair a naóin easbuil dég, dárdaigh sé a ghúth, agus do labhair sé ríu, A phobail Iúdaidhe, agus a luchd áitighe Iarusalém uile, bíodh a dheimhin só agaibh, agus éisdigh rém bhríathruibh:

15. Oír ní bhfuilid siad so aír misge, mar mheastaóise, an tan nach bhfuil sé achd an treas uáir don lá.

16. Achd a sé so an ní a dubhradh tré san bhfáidh Ióel,

17. Agus tíocfuigh chum críche ann sna laéthibh déigheanacha (a deir Día,) dóirtfidh mé dom Spiorad féin air gach uile fheóil: agus do dhéunuid bhur mic agus bhur ningheana fáidheadóireachd, agus do chífid bhur nógánaigh taisbéunta, agus bhur seandáoine aislingthe:

18. Agus fós doirtfidh mé dom Spiorad féin ar mo shearbhfhoghantuidhibh agus air mo bhanóglachuibh ann sna laéthibhsin; agus do dheanuid faidheadoireachd:

19. Agus foillseochuidh mé iongantuis ar neamh shúas, agus comarthaidhe ar a dtalamh shíos; fuil, agus teine, agus gal deatuighe:

20. Iompóchar an ghrían a ndorchadas, agus an ghealach a bhfuil, suil thiocfas ab lá mór oirdheirc sin an Tighearna:

21. Agus tiocfuidh chum críche, gidh bé ghuídhfeas ainm an Tighearna sláineochthair é.

22. Eísdigh na bríathrasa, a chlann Israél; Iósa Nasarrdhá, duine dearbhtha ó Dhía eadruibhsi maille lé cúmhachduibh agus lé miórbhailibh agus le comharthaidhibh; noch do rinne Día thrídsean eadruibhse, mar is aithne dhibh féin:

23. An fearso, ar mbeith ar na thoirbhirt tré chomhairle chinte agus tré réimhfheachuin Dé, do ghabh sibhse, agus ar na chéasadh lé lamhaibh drochdháoine do mharbhabhair é:

24. Noch do thóg Día súas, íar sgáoileadh dhoilghis an bháis: ar a nadhbhar nar bhéidir don bhás a chungbháil.

25. Oír a deir Dáibhi na thimcheallsan, Do chunnairc mé an Tighearna am fhíadhnuisi do ghnáth, óir atá sé ar mo láimh dheis, ionnus nach ccorróchtháoi mé:

26. Ar a shon so do bhí mo chroidhe go súbhach, agus do rinne mo theanga lúathgháire; agus na cheann sin suaimhneóchuidh mfeóil a ndóthchas:

27. Ar a nadhbhar nach bhfúigfe tú manam a nifearn, agus ní fhuileónga tú do Aón Náomhtha féin truáillidheachd dfaicsin.

28. Dfoillsigh tú dhamhsa slighthe na beatha; líonfuidh tú mé do ghairdeachus léd ghnúis féin.

29. A fheara agus a bhraithreacha, is éidir leamsa labhairt go dána ribh a dtimcheall an phatriárc Daibhí, go bhfuil sé tair éis bháis agus ar na adhlacadh, agus atá a thúama eadruinne gus an lá a niu.

30. Ar a nadhbharsin ar mbeith na fháidh dhó, agus a fhios aige go dtug Día móid dhó maille lé mionnuibh, go dtóigfeadh sé Críosd súas, do shíol a leasruighsion, do réir na féola, agus go ccuirfeadh sé na shuídhe ann a chatháoirsean é;

Gníomhartha 2