Gníomhartha 19:17-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. Agus fúaradar na Iúduighe agus na Gréuguigh uile do áitrigh a Nesphesus a sgéula so; agus do ghabh eagla íad uilé. Agus do hoirrdhearcadh ainm an Tighearna Iósa.

18. Agus tangadar mórán don mhuinntir do chreid, ag admháil, agus ag innsin a ngniomharthadh féin.

19. Agus fós morán don mhuinntir do ghnáthuigheadh drochealadhna, tugadar a leabhuir léo, agus do dhóigheadar a bhfíadhnuisi cháich uile iad: agus dó chomháirmheadar a lúach, agus fúaradar é na dheich mile agus da fhíchead píosa airgid.

20. Do fhás bríathar Dé agus rug sí búáidh chomhláidir sin.

21. Agus ar gcríochnúghadh na neitheadhsa, do chuir Pól roimhe ann inntinn, tar éis dul tré Mhacedónia, agus Achaía dhó, dul go Hiarusalém, ag rádh, Tar éis mé bheith ann sin, as éigin damh an Róimh dfheachain.

22. Agus ar gcur dheisi don mhuinntir do bhíodh ag minisdrálachd dó, eadhon Timotéus agus Erastus don Mhacedonia; dfan sé féin na Násia ar feadh tamuill.

Gníomhartha 19