11. Agus as mór na míorbhuile do rinne Día tré lámhuibh Phóil:
12. A gcrúth go mbeirthí ó na chorp éudaighe lámh nó cinn chum na ndáoine tinn, agus go sgaradh a neasláinte ríu, agus go nimthighdis drochspioruide asda.
13. Agus dream áirighe do na Iúduidhibh do bhíodh ag siobhal ó áit go háit ag cur spiorad fá gheasuibh, do chuireadar rompa ainm an Tighearna Iósa do ghairm ós cionn na ndáoine ann a mbíodh drochspiorúda, ag rádh, Cuirimid fá gheasuibh sibh tré Iósa do ní Pól a sheanmóir.
14. Agus do bhádar móirsheisear mac ag Iúdaighe áirighe dar bhainm Scebha, úachdarán na sagart, noch do níodh so.
15. Achd ar bhfreagra don drochspioraid a dubhairt sé ríu, Atá éolus ar Iósa agam, agus as aithne dhamh Pól; gidheadh cía sibhsi?