Gníomhartha 19:10-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Agus do bhi so dhá dhéunamh ar feadh dhá bhlíadhan; a gcrúth go gcúaladar a raibh ann sa Náisia uile eidir Iúduidhe agus Ghréugach, bríathar an Tighearna Iósa.

11. Agus as mór na míorbhuile do rinne Día tré lámhuibh Phóil:

12. A gcrúth go mbeirthí ó na chorp éudaighe lámh nó cinn chum na ndáoine tinn, agus go sgaradh a neasláinte ríu, agus go nimthighdis drochspioruide asda.

13. Agus dream áirighe do na Iúduidhibh do bhíodh ag siobhal ó áit go háit ag cur spiorad fá gheasuibh, do chuireadar rompa ainm an Tighearna Iósa do ghairm ós cionn na ndáoine ann a mbíodh drochspiorúda, ag rádh, Cuirimid fá gheasuibh sibh tré Iósa do ní Pól a sheanmóir.

14. Agus do bhádar móirsheisear mac ag Iúdaighe áirighe dar bhainm Scebha, úachdarán na sagart, noch do níodh so.

15. Achd ar bhfreagra don drochspioraid a dubhairt sé ríu, Atá éolus ar Iósa agam, agus as aithne dhamh Pól; gidheadh cía sibhsi?

16. Agus do shaith an duine ann a raibh an drochspiorad orrtha, agus ar na gcláoi dhó, do bhúadhuigh sé orrtha, a gcrúth gur theitheadar créuchdach lomnochd as an dtigh sin.

17. Agus fúaradar na Iúduighe agus na Gréuguigh uile do áitrigh a Nesphesus a sgéula so; agus do ghabh eagla íad uilé. Agus do hoirrdhearcadh ainm an Tighearna Iósa.

Gníomhartha 19