Gníomhartha 19:1-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus tárla, a nuáir do bhí Apollos a Gcorintus, gur shiobhail Pól tres na rannuibh úachdarácha agus go dtáinic sé go Hephesus: agus ar bhfagháil dheisciobal airighe dhó,

2. A dubhairt sé ríu, Nar ghabhabhuir an Spiorad Náomh ó chreideabhair? Agus a dubhradarsan ris, Ní chúalamar a noiread sin féin go bhfuil Spiorad Náomh ann.

3. Agus a dubhairt seision ríu, Maseadh créd ann ar baisdeadh sibh? Agus a dubhradarsan, A mbaisdeadh Eóin.

4. Agus a dubhairt Pól, Go deimhin do bhaisd Eóin lé baisdeadh na haithrighe, ag rádh ris an bpobal, creideamh ann sa té do thiocfadh na dhiáigh féin, eadhon, a Níosa Críosd.

5. Agus ar ná chlós so dhóibhsion, do ghabhadar baisdeadh chuca a nainm an Tighearna Iósa.

6. Agus ar gcur a lámh do Phól orrtha, tháinic an Spiorad Náomh orrtha; agus do labhradar lé teangthuibh, agus do rinneadar fáidheadoireachd.

7. Agus do bhádar uile a dtimcheall dá fhear dhéug.

8. Agus ar ndul dósan a steach don tsinagóig, do labhuir sé go dána, ar feadh thrí míos, ag diosbóireachd agus ag cruthúghadh na neitheann bheanus ré rioghachd Dé.

9. Achd an tráth do chrúaidheadar dream aca, agus nach ccreidfidis, achd go labhraidís go holc ar a tslighe sin a bhfíadhnuisi an phobúil, do imthigh Pól úatha, agus do dhealuigh sé na deisciobail, agus do bhíodh sé ag diosbóireachd gach éunlá a sgoil dhuine áirighe dár bhainm Tiránnus.

10. Agus do bhi so dhá dhéunamh ar feadh dhá bhlíadhan; a gcrúth go gcúaladar a raibh ann sa Náisia uile eidir Iúduidhe agus Ghréugach, bríathar an Tighearna Iósa.

11. Agus as mór na míorbhuile do rinne Día tré lámhuibh Phóil:

12. A gcrúth go mbeirthí ó na chorp éudaighe lámh nó cinn chum na ndáoine tinn, agus go sgaradh a neasláinte ríu, agus go nimthighdis drochspioruide asda.

13. Agus dream áirighe do na Iúduidhibh do bhíodh ag siobhal ó áit go háit ag cur spiorad fá gheasuibh, do chuireadar rompa ainm an Tighearna Iósa do ghairm ós cionn na ndáoine ann a mbíodh drochspiorúda, ag rádh, Cuirimid fá gheasuibh sibh tré Iósa do ní Pól a sheanmóir.

14. Agus do bhádar móirsheisear mac ag Iúdaighe áirighe dar bhainm Scebha, úachdarán na sagart, noch do níodh so.

Gníomhartha 19