Gníomhartha 18:3-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Agus do bhrígh go raibh sé dáoincheird ríu, dfan sé na bhfochair, agus do bhí sé ag obair: óir a seadh bá ceird dhóibh pailliúin do dhéanamh.

4. Agus do níodh sé diosbóireachd sa tsinagóig gach éun lá sábbóide, ionnus gur tharruing sé na Iúduidhe agus na Gréuguidh.

5. Agus mar tháinic Silas agus Timotéus ó Mhacedónia, do las Pól an a spioruid, ag déunamh finné do na Iuduidhibh gur bhé Iósa an Críosd.

6. Agus an tráth do chuireadarsan na aghuidh, agus do labhradar blasphéime, ar gcrothadh a éudaigh dhósan, a dubhairt sé ríu, Bíodh bhur bhfuil ar bhur gceann féin; atáimsi glan: ó so súas rachuidh mé chum na Gcineadhach.

7. Agus ar a nimtheachd dó as sin, do chuáidh sé go tigh dhuine áirighe, dár bhainm Iustus, duine air a raibh eagla Dé, agus agá raibh a thigh láimh ris a tsionagóig.

8. Agus do chreid Crispus, úachdarán ná sinagóige, maille ré luchd a thighe uile, ann sa Tighearna; agus mórán do na Corintianachuibh ag éisdeachd rís do chreideadar, agus do baisdeadh íad.

9. Agus a dubhairt an Thighearna sa noidhche a dtaidhbhsi ré Pol, Na bíodh eagla ort, achd labhuir, agus na bí ad thochd:

10. Oír atáimsi maille ríot, agus ní thiocfa duine ar bith ort do dhéunamh uile dhuit: óir atá pobal mór agamsa an sa chathraigh so.

11. Agus dfan seisean blíadhuin agus sé mhí, ag teagusg bhréithre Dé na measg.

Gníomhartha 18