22. Agus ar ndul dó síos go Seasaréa do chuáidh sé súas, agus ar mbeannughadh do neagluis dó, do chuáidh sé síos go Hantíochia.
23. Agus ar fanmhuin dó ar feadh tamuill do imthigh sé roimhe, agus do shiobhuil sé a nórdughadh ar feadh chríche na Galátia agus Phrígia, ag neartughadh na ndeísciobal uile.
24. Agus táinig Iúdaighe áirighe go Hephesus, dár bhainm Apollos, rugadh a Nalecsándria, fear deaghlabhartha, do bhi cúmhachdach ann sna sgríobtúiribh.
25. Do bhí an fear so ar na theagusg a slighe an Tighearna; agus ar mbeith dhó ar fiuchadh sa spioruid, do labhuir agus do theaguisg sé go dithcheallach neithe a dtimcheall an Tighearna, agus gan déolus aige achd baisdeadh Eoin amháin.