16. Agus do chuir sé ón chathaóir bhreitheamhnuis íad.
17. Ann sin ar mbreith do na Gréugachuibh uile ar Shostenes, úachdarán na sinagóige, do ghabhadar air a bhfíadhnuisi chatháoireach an bhreitheamhnuis. Achd níor chuir Gallio suim a ní ar bith do na neithibhsin.
18. Achd tair éis Pól fhuireach fós mórán do láethibh, do ghlac sé a chead ag na bráithribh, agus do chuáidh sé a luíng go Síria, agus do chuáidh Priscilla agus Acuilas leis; tar éis a chinn do bhearradh dhó a Gcenchreas: óir do bhí móidghealladh air.
19. Agus táinic sé go Héphesus, agus dfág sé ann sin íad; gidheadh do chuáidh sé féin a steach don tsinagóig, agus do thaguir sé ris na Iúduidhibh.
20. Agus an tan díarradar air fuireach na bhfochair ní as faide, níor áontaigh seisean.
21. Achd dfag beannachd aca, ag rádh, Is éigin dámhsa go deimhin an tsollomuin so chugainn do dhéunamh a Niarusalém: achd más toil lé Día é, fillfidh mé chuguibhsi a rís. Agus do shéol sé ó Ephesus.