7. Agus ar dteachd go Mísia dhóibh, do chúireadar rómpa dul go Bitínia: achd níor fhulaing Spiorad Iósa dhóibh.
8. Ar a nadhbharsin ar ngabháil tré Mhísia dhóibh do chúadar síos go Tróas.
9. Agus do chonncas do Phóla dtaidhbhsi sa noidhche; Duine áiríghe ó Mhacedónia na sheasamh, dá ghuidhe, agus ag rádh, Tárr go Macedónia, agus tabhuir cabhuir dhúinne.
10. Agus mar do chonnuircsé an taidhbhsi, do shantuigheamar ar an mball dull go Macedónia, óir do thuigeamar gur bhé an Tighearna do ghoir sinn chum an tsoisgéil do sheanmóir dhóibh.
11. Uime sin ag seóladh dhúinn ó Thróas, tangamar go díreach go Samotrácia, agus lá ar na mhárach go Neápolis;
12. Agus ann sinn go Philippi, príomhchathuir na coda sin don Mhacedónia, agus colamhuin: agus dfanamar ann sa chathruigh sin suim áirighe do laethibh.
13. Agus do chúamar a mach as an gcathruigh lá na sábboide chois a tsrothá, mar a ngnáthuighthí urnaighe do dhéunamh; agus ar suidhe dhúinn ann sin, do labhramar re mnaibh do bhí ar cruinniughadh ann.
14. Agus bean áirighe dár bhainm Lídia, reacadóir purpuir, a gcathruigh na Dtiatirach, noch do onóruigheadh Día, déisd sí rinn: ag ar osgail an Tighearna a cróidhe, chum aire do thabhuirt do na neithibh a dubhairt Pól.
15. Agus ar ngabháil bhaisdidh, dhi féin agus do luchd a tighe, do ghuidh sí sinn, ag rádh, Má mheasdáoi go bhfuilim díleas don Tighearna, tigidh, do dhéunamh comhnuidhe dom thigh. Agus do choimhéigni sí sinn.
16. Agus tárla, ag dul dhúinn do dhéunamh urnaighe, go dtárla cailín áirighe oruinn agá raibh spiorad faisdine, fuair fábhaltus mór dá tighearnuibh féin lé fáisdine do dhéunamh:
17. Do lean sí so Pól agus sinne, agus do éigh sí, ag rádh, Is seirbhísigh don Día ro árd na dáoinesi, moch shoisgéulas dáoibh slighe na sláinte.