4. Agus mar do shiobhladar ar na caithreachaibh, tugadar dhóibh ré a gcoimhéud nahórdaighthe, do órduigheadar na habsduil agus na sinnsir do bhí a Niarusalém.
5. Uime sin do bhádar na heagluiseadha ar na ndaingnuighadh ann sa chreideamh, agus do bhí a nuimhir ag méudughadh gach éun lá.
6. Agus ar ngabháil tré Phrígia agus tré chrích na Galátia dhóibh, do thoirmisg an Spiorad Náomh íad an bhríathar do labhairt sá Násia,
7. Agus ar dteachd go Mísia dhóibh, do chúireadar rómpa dul go Bitínia: achd níor fhulaing Spiorad Iósa dhóibh.
8. Ar a nadhbharsin ar ngabháil tré Mhísia dhóibh do chúadar síos go Tróas.
9. Agus do chonncas do Phóla dtaidhbhsi sa noidhche; Duine áiríghe ó Mhacedónia na sheasamh, dá ghuidhe, agus ag rádh, Tárr go Macedónia, agus tabhuir cabhuir dhúinne.
10. Agus mar do chonnuircsé an taidhbhsi, do shantuigheamar ar an mball dull go Macedónia, óir do thuigeamar gur bhé an Tighearna do ghoir sinn chum an tsoisgéil do sheanmóir dhóibh.
11. Uime sin ag seóladh dhúinn ó Thróas, tangamar go díreach go Samotrácia, agus lá ar na mhárach go Neápolis;
12. Agus ann sinn go Philippi, príomhchathuir na coda sin don Mhacedónia, agus colamhuin: agus dfanamar ann sa chathruigh sin suim áirighe do laethibh.
13. Agus do chúamar a mach as an gcathruigh lá na sábboide chois a tsrothá, mar a ngnáthuighthí urnaighe do dhéunamh; agus ar suidhe dhúinn ann sin, do labhramar re mnaibh do bhí ar cruinniughadh ann.
14. Agus bean áirighe dár bhainm Lídia, reacadóir purpuir, a gcathruigh na Dtiatirach, noch do onóruigheadh Día, déisd sí rinn: ag ar osgail an Tighearna a cróidhe, chum aire do thabhuirt do na neithibh a dubhairt Pól.