21. Agus múinid síad órduighe, nach dleisdeanach dhúinne do ghabháil, na do leanmhuin, dó bhrígh gur Romhánuigh sinn.
22. Agus do éiridh an pobal a náoinfheachd na naghuidh: agus ar réubadh a néuduigheadh do na hoifigibh, do áithneadar gabháil do shlatuibh orrtha.
23. Agus ar ngabháil orrtha go romhór dhóibh, do chuireadar a bpríosún íad, dá áithne dfear coimhéuda an phríosúin a gcoimhéud go ró dhaingean:
24. Agus ar bhfagháil na háithne sin dósan, do theilg sé íad ann sá phríosún dob fhaide a steach, agus do dhaingnígh sé a gcosa a gceap.
25. Agus a dtimcheall mheadhóin oidhche ar ndeunamh urnaighe do Phól agus do Shílas, do chanadar salm dadhmholadh Dé: agus do chúaladar na príosúnuigh íad.
26. Agus go hobann do éirigh crith mór talmhun ann, a gcrúth go raibh fúindiment an phríosuin ar bogadh: agus ar an mball do bhádar na doirrsi uile osguilti, agus a ngeimhleacha uile sgáoilte.
27. Agus ar músgladh do choimhéuduidhe an phríosuin, agus ar bhfaicsin doirrseadh an phríosúin osguilte dhó, ar dtarruing a chloidhimh amach, do smúain sé é féin do mharbhadh, óir do sháoil sé gur éulóigheadar na braighde.
28. Achd do éigh Pol do ghúth mhór, ag rádh, Na déuna olc ar bith dhuit féin: óir atámaóidne uile ann so.
29. Agus ar ngairm ar sholus dósan, do sháith sé a steach, agus ar mbeith dhó ar coimhchrich, do thuit sé síos a bhfiadhnuise Phóil and Shílais,
30. Agus ar na mbreith leis amach dhó, a dubhairt sé, A mhaighisdríghe, créd chaithfeas misi dheunamh do chum go slainéochtháoi mé?
31. Agus a dubhradarsan, Creid ann sa Tighearna Iósa Críosd, agus sláineochthar thú féin, agus do thigh.
32. Agus do rinneadar bríathar an Tighearna do sheanmóir dhó féin, agus dá ráibh ann a thigh uile.