19. Uime sin measuimsi, nach cóir míshuáimhneas do chur air a ndreim do na Cineadhachuibh, dfill chum Dé:
20. Achd as insgríobhtha chuca, iad féin do sheachna ar thruáillighthibh na niodhal, agus ar stríopthachus, agus ó ní tachduighthe, agus ó fhuil.
21. Oír atáid ag Maóisi ó na seanaimsireachuibh a nall dáoine do nía sheanmórughadh a ngach áon chathruigh, ann sna sinagóguibh ann a léughthar gacha sábbóid é.
22. Ann sin do chonncas do na habsdalaibh agus do na sinnsearaibh, maille ris a neagluis uile, dáoine toghtha dhíobh féin do chur go Hantíochia lé Pól agus lé Barnabas; eadhon, Iúdas dar comhainm Barnabas, agus Sílas, dáoine oirrdheirc eidir na bráithreachuibh: