12. Ann sin do thochdadar an chuideachda uile, agus tugadar éisdeachd do Bharnabas agus do Phól, ag innisin créad é méud na gcomharthadh agus na míorbhuileadh do rinne Día thríothadh féin eidir na Cineadhachuibh.
13. Agus ar sgur dha dtagra dhóibh, do fhreaguir Séumus, ag rádh, A fheara agus a bhráithreacha, éisdigh riumsa:
14. Dinnis Siomón dáoibh cionnus dféuch Dia ó thosach, chum pobail do bhuáin as na Cíneadhachnibh dhá ainm féin.
15. Agus tigid bríathra na bhfaidheadh leis an nisi; do réir mar atá sgríobhtha,
16. Fillfidh mé na dhiáigh so, agus tóigéubhuidh mé súas a rís tábernacuil Dháibhi, atá ar dtuitim; agus cóiréochaidh mé an ní do thuit de, agus cuirfidh mé súas é a rís:
17. Do chum go níarrfaidís an chuid eile do na dáoinibh an Tighearna, agus na huile Chineadhacha, ar a ngoirthear mainm, a deir an Tighearna noch do ní na neithesi uile.
18. Atá fios a oinreacha féin uile ó thosach an tsáogháil ag Día.