Gníomhartha 14:8-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Fá a nám sin do bhí duine áirighe a Listra na shuidhe, ag nach raibh a chosa ar a chúmas, do bhí na mhairtíneach ó bhroinn a mháthar, agus nar shiúbhail a ríamh.

9. Do chualáidh sé so Pól ag labhairt: agus ar mbeith do Phól ag féuchain go gér air, agus ar mbreathnughadh dhó go raibh creidheamh aige chúm a shlánuighthe,

10. A dubhairt sé do ghúth mór, Seas súas go díreach ar do chosaibh. Agus do léím seision súas, agus do shiúbhail sé.

11. Agus ar bhfaicsin a neithe do rinne Pól don phóbal, do árdaigheadar a ngúth, ag rádh a dteangaidh na Licaónia, Tangadar dée a núas chugainn a gcosamhlachd dáoine.

12. Agus do ghoireadar Iupiter, do Bharnabas; agus Mercúrius, do Phól, do bhrígh gur bhfearr labhartha é.

Gníomhartha 14