Gníomhartha 14:5-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus ar dtosughadh bruighne do na Cineadhachaibh, agus do na Híudaighthibh maille ré na núachdaránaibh, chum íadsan do mhaslúghadh, agus gabháil do chlochaibh orrtha,

6. Ar na thuigsin só dhóibhsion, do theitheadar go Lístra, agus Derbe, caithreacha na Licaónia, agus don regíon ar gach táobh:

7. Agus do bhádar ag seanmórughadh an tsoisgéil ann sin.

8. Fá a nám sin do bhí duine áirighe a Listra na shuidhe, ag nach raibh a chosa ar a chúmas, do bhí na mhairtíneach ó bhroinn a mháthar, agus nar shiúbhail a ríamh.

9. Do chualáidh sé so Pól ag labhairt: agus ar mbeith do Phól ag féuchain go gér air, agus ar mbreathnughadh dhó go raibh creidheamh aige chúm a shlánuighthe,

10. A dubhairt sé do ghúth mór, Seas súas go díreach ar do chosaibh. Agus do léím seision súas, agus do shiúbhail sé.

11. Agus ar bhfaicsin a neithe do rinne Pól don phóbal, do árdaigheadar a ngúth, ag rádh a dteangaidh na Licaónia, Tangadar dée a núas chugainn a gcosamhlachd dáoine.

12. Agus do ghoireadar Iupiter, do Bharnabas; agus Mercúrius, do Phól, do bhrígh gur bhfearr labhartha é.

13. Agus ar mbeith do shagurt Iupiter, as comhair a gcaithreach súd, ar dtabhairt tharbh agus atán ris chim na ngeatadh, bá mian leis íodhbairt do dhéunamh má ráon ris an bpóbal.

14. Achd ar na chlos so do na habsdalaibh, Barnabas agus Pól, ag réubadh a gcúlaidheach dhóibh, do ritheadar a sdeach a measg an phoóbail, ag éighme,

Gníomhartha 14