3. Uime sin dfanadar aimsear fhada ag labhairt go dána sa Tighearna, noch do rinne fíadhnuise do bhréithir a ghrás féin, agus tug fá deara comharthadha agus miorbhuileadha do dhéumamh tré na lamhaibhsión.
4. Agus tárla connspóid eidir luchd na caithreach: ionnus go raibh dream aca ris na Iúdaighibh, agus dream eile ris na habsdalaibh.
5. Agus ar dtosughadh bruighne do na Cineadhachaibh, agus do na Híudaighthibh maille ré na núachdaránaibh, chum íadsan do mhaslúghadh, agus gabháil do chlochaibh orrtha,
6. Ar na thuigsin só dhóibhsion, do theitheadar go Lístra, agus Derbe, caithreacha na Licaónia, agus don regíon ar gach táobh:
7. Agus do bhádar ag seanmórughadh an tsoisgéil ann sin.
8. Fá a nám sin do bhí duine áirighe a Listra na shuidhe, ag nach raibh a chosa ar a chúmas, do bhí na mhairtíneach ó bhroinn a mháthar, agus nar shiúbhail a ríamh.
9. Do chualáidh sé so Pól ag labhairt: agus ar mbeith do Phól ag féuchain go gér air, agus ar mbreathnughadh dhó go raibh creidheamh aige chúm a shlánuighthe,
10. A dubhairt sé do ghúth mór, Seas súas go díreach ar do chosaibh. Agus do léím seision súas, agus do shiúbhail sé.
11. Agus ar bhfaicsin a neithe do rinne Pól don phóbal, do árdaigheadar a ngúth, ag rádh a dteangaidh na Licaónia, Tangadar dée a núas chugainn a gcosamhlachd dáoine.
12. Agus do ghoireadar Iupiter, do Bharnabas; agus Mercúrius, do Phól, do bhrígh gur bhfearr labhartha é.