Gníomhartha 13:38-49 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

38. Ar a nadhbharsin bíodh a fhios agaibh a fhir agus a bhraithreacha, gur trés an bhfearso foillsighthear dhibh maithfeachus na bpeacadh:

39. Agus go bhfuil gach áon chreideas ar na sháoradh thrídsion ó na huile neithibh, dá nár bhféidir sibhse do sháoradh a reachd Mháoise.

40. Uime sin tabhraidh bhur naire ribh, nách dteigeumhadh dháoibh, a ní atá ar na rádh ris na fáidhibh;

41. Féuchaidh, a luchd na tarcaisne, agus bíodh iongantus oraibh, agus leathnuighidh mar cheó: óir oibrighim se obair ann bhur láethibh, obair nach ccreidfeadh sibh, dá bhfoillsúigheadh duine dhíbh é.

42. Agus ar nimtheachd amach as an tsionagóig do na Iúdaighibh, díarradar na Cineadhaigh dachuinge orrtha na briathrasa labhairt ríu féin an tsabbóid na dhiáighsin.

43. Agus ar sgáoileadh don choimhthionól, do leanadar mórán do na Iúdaighibh, agus do dháoinibh ríaghalta coigchríchthe thainic chum creidmhe Pól agus Barnabas: noch do no, labhair ríu, agus do chomhairligh dhóibh fúireach a ngrasuibh Dé.

44. An céudlá sabboide na dhiáigh sin is beag nar chruinnigh an chathair uile a bhfochair a chéile deisdeachd bhréithre Dé.

45. Achd ar a bhfaicsin an phobail do na Iúdaighibh, do líonadh do thnúth íad, agus tangadar a naghaidh na neitheann do labhair pól, da gconntrarghadh agus ag labhairt ortha go masluightheach.

46. Achd ar ndéunamh dánachda do Phól, agus do Bharnabas, a dubhradar, Is ribhse ar tús dob éigean bríathar Dé do labhairt: gidheadh ó churtháoi ar gcúl í, agus go mbeirthí do bhreith nach fíu sibh an bheatha mharthanach dfagháil, féuch, atámaidne ag filleadh chum na Gcineadhach.

47. Oír is mar sin do aithin an Tighearna dhínn, ag rádh, Do chuir mé thú mar sholas do na Cineadhachaibh, agus marshlánughadh go leithimlibh na talmhan.

48. Agus ar gclós na neitheannsa do na Cineadhachaibh, do ghabh gáireachus íad, agus do ghlóraigheadar bríathar an Tighearna: agus do chreideadar an mhéid do bhí ar na nórdughadh chum na beatha marthanaighe.

49. Agus do leathnaigh bríathar an Tighearna air feadh na tíre uile.

Gníomhartha 13