37. Achd an té, do thóg Día súas, ní fhacaidh sé trúailleadh.
38. Ar a nadhbharsin bíodh a fhios agaibh a fhir agus a bhraithreacha, gur trés an bhfearso foillsighthear dhibh maithfeachus na bpeacadh:
39. Agus go bhfuil gach áon chreideas ar na sháoradh thrídsion ó na huile neithibh, dá nár bhféidir sibhse do sháoradh a reachd Mháoise.
40. Uime sin tabhraidh bhur naire ribh, nách dteigeumhadh dháoibh, a ní atá ar na rádh ris na fáidhibh;
41. Féuchaidh, a luchd na tarcaisne, agus bíodh iongantus oraibh, agus leathnuighidh mar cheó: óir oibrighim se obair ann bhur láethibh, obair nach ccreidfeadh sibh, dá bhfoillsúigheadh duine dhíbh é.