Gníomhartha 13:28-39 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

28. Agus bíodh nach bhfúaradar coir ar bith bháis air, díarradar ar Phílaid a bhásughadh.

29. Agus ar gcriochnughadh na nuile neitheann dóibh do bhí ar na sgriobhadh na thimcheallsan, do leagadar a núas as an gcroich, agus do chuireadar a dtúama é.

30. Achd do thóg Día súas ó mharbhaibh é:

31. Noch do taisbéunadh feadh mhóráin do láethibh don druing do chuáidh a náoinfheachd ris súas ón Ngalile go Hiarusalém, agus ata na bhfíadhnuisibh dhó a dtáobh an phobail.

32. Agus soisgéulamáoidne dhíbhse an gealladh do rinneadh dona haithreachaibh,

33. Gur choimhlíon Día dhúinne a gclann é, at dtógbháil Iósa súas arís; mar atá sgríobhtha fós ann sa dara Salm, Is tusa mo Mhacsa, a niugh do ghein mé thú.

34. Agus do bhrígh gur thóg sé súas é ó mharbhaibh, agus nach bhfillfidh air ais chum trúaidhlighthe, a dubhairt sé mar so, Do bhéura mé dhíbh neithe náomhtha diongmhalta Dháibhí.

35. Uime sin a deir sé a nionad eile, Ní fhuiléongaidh tú do Neach Náomhtha féin dfaicsin trúaidhlighthe.

36. Oír go deimhin, ar ndéunamh seirbhíse do Dháibhi, ann a gheinealach féin tré chomhairle Dé, do chodail sé, agus do cuireadh a bhfochair a aithreadh é, agus do chunnairc sé truáilléadh.

37. Achd an té, do thóg Día súas, ní fhacaidh sé trúailleadh.

38. Ar a nadhbharsin bíodh a fhios agaibh a fhir agus a bhraithreacha, gur trés an bhfearso foillsighthear dhibh maithfeachus na bpeacadh:

39. Agus go bhfuil gach áon chreideas ar na sháoradh thrídsion ó na huile neithibh, dá nár bhféidir sibhse do sháoradh a reachd Mháoise.

Gníomhartha 13