24. Ar mbeith Deóin roimh eísion do theachd ag seanmórughadh bhaisdigh na haithrighe do phobal Israél uile.
25. Agus ar gcóimhlíonadh a sheala Deóin, a dubhairt sé, An té sháoilti, ní misi é. Achd féuch, tig neach am dhiáigh, ag nach fíu mé íallach a bhróg do sgaóileadh.
26. A fheara agus a dhearbhraithreacha, chlann fíne Abraham, agus an mhéid agaibh ar a bhfuil eagla Dé, is chugaibhse do cuireadh bríathar na sláintese.
27. Oír an dream do áitrigh a Níarusalém, agus a núachdaráin, ar mbeith dhóibh gan éolus aca airsean, na air bhríathruibh na bhfaigheadh léughthar gacha sábbóid, air na dhamnúghadhsan dóibh do choimhlíonadar íad.
28. Agus bíodh nach bhfúaradar coir ar bith bháis air, díarradar ar Phílaid a bhásughadh.