Gníomhartha 12:21-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Agus an lá orduighe airighe ar mbeith Dioruáidh, ar na éudughadh a néudach ríogha, agus na shuídhe sa gcathaóir bhreitheamhnais, do rinne sé óraid dhóibh.

22. Agus do gháireadar an pobal, Gúth Dé so, agus ní gúth duine.

23. Agus a nuáirsin féin do bhuáil aingeal an Tighearna é, do bhrígh nach ttug sé glóir do Dhía: agus ar na ithe do phíasdaibh, do chuáidh a spiorad as.

24. Agus do fhás bríathar Dé agus do méudaigheadh í.

25. Agus do fhill Barnabas agus Saul ó Ierusalem, ar gcoimhlíonadh a miniosdralachda, ar mbeith fós Eóin ríu, dar comhainm Marcus.

Gníomhartha 12