Gníomhartha 11:7-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Agus do chúalaidh mé gúth ag rádh riom, Eiridh, a Pheadair; marbh agus ith.

8. Achd a dubhairt misi, Ní headh, a Thighearna: óir ní dheachaidh éain ni coítchean nó neamhghlan am bhéul a steach ríamh.

9. Agus do fhreagair an gúth mé an dara huáir ó neamh, Na neithe do rinne Día glan, ná déunsa neamhghlan íad:

10. Agus do rinneadh so fo thrí: agus a rís do tógadh súas íad go huilidhe air neamh.

11. Agus, féuch, tangadar tríur fear an tan sin don tigh ann a raibh mé, do cuireadh ó Shéasáréa chugam.

Gníomhartha 11